Fáilte chuig an leathanach Gaeilge de Ghradaim Chúnamh Éireann, ár nDomhan

Tá Gradaim Chúnamh Éireann, ár nDomhan, ar an bhfód le 19 bliana anois, agus tá treo nua á glacadh againn!

Tá sraith irisí ilmheán ar líne ar a dtugtar Gníomhaithe Spriocanna Domhanda á seoladh againn ina bhfoilseofar saothar le daltaí (i nGaeilge agus i mBéarla) ar fud na tíre. Foilseoimid trí eagrán idir Márta 2024 agus Meitheamh 2024. Roghnófar na saothair is fearr le daltaí agus foilseofar iad sin in eagrán cló speisialta, agus tabharfar cuireadh do na daltaí sin ceiliúradh a dhéanamh linn ag an gCraobh Náisiúnta i mí an Mheithimh.

Ní gá ach na rudaí seo a leanas a dhéanamh chun a bheith rannpháirteach

  1. An iris Folláine do Dhaone agus don Phláinéad a léamh agus plean ceachta 1 a chríochnú (má bhíonn an t‑am agat sa rang) le heolas a chur ar na Spriocanna Domhanda, ar obair Chúnamh Éireann, agus chun na daltaí a thosú ar a n‑aistear i dtreo an Oideachais Saoránachta Iomlánaíoch.
  2. Spreag na daltaí chun saothar cruthaitheach a dhéanamh bunaithe ar ar fhoghlaim siad. Is iomaí cineál saothair is féidir a dhéanamh – dán, grafaic faisnéise, alt, pictiúr, físeán, agus rudaí eile nach iad!
  3. Seol saothar na ndaltaí chugainn faoin 8ú Márta 2024, agus seans go roghnófaí saothair áirithe sa chéad cheann de thrí eagrán de Gníomhaithe Spriocanna Domhanda. Beidh deis ag iontrálacha a fhaightear ó scoileanna faoin 8ú Márta 2024 bosca d’ábhair ealaíne inbhuanaithe a bhuachan.

Táimid ar bís faoinár n‑iris nua Gníomhaithe Spriocanna Domhanda, ach tá ríméad an domhain orainn freisin a fhógairt go mbeidh ár n‑acmhainní go léir á gcur ar fáil as Gaeilge i mbliana!

Tá sonraí ar an tionscadal agus gach acmhainn do mhúinteoirí agus do dhaltaí le fáil ar ár leathanach baile, ach tugtar naisc dhíreacha leis na hacmhainní Gaeilge anseo de ghrá na héascaíochta. Ní gá ach cliceáil orthu!